Where Makeup Becomes Language
Human: James Mac | Dublin, Ireland
For James Mac, makeup was never just about beauty. It was always about transformation. “Realizing makeup could be a physical way to use the eyes and face as a canvas for storytelling,” was the turning point—when experimentation became language, and language became identity.
[ EN ]Long before a global audience would discover his work, he was already building worlds in private—sketching elongated faces, exaggerating femininity, studying the eye as a site of drama and control. That instinct—to construct rather than simply enhance—still defines his work today.Growing up in Abbeyleix, in the Irish midlands, James developed his practice in relative isolation. “The slower rhythm of rural life… gave me time,” he explains. “I didn’t have many role models in makeup… which pushed me to become my own inspiration.” Without a blueprint, he built one. Makeup became less about fitting into beauty standards and more about rewriting them.Before makeup, there was photography. A first camera. A fixation on framing. A willingness to wait for the exact moment something shifts. “This taught me patience, observation, and intention,” he says. That discipline now underpins his approach. Each look is constructed through what he describes as three pillars: positioning, lighting, and color composition. The result is work that reads as image before it reads as makeup—faces that feel staged, deliberate, and narrative-driven.That clarity was tested on Glow Up. The show placed him in a compressed environment where every decision was visible and every misstep public. “It was a pressure-cooker environment… with limited space for error,” he says. Early on, he landed in the bottom during a challenge centered on identity. Instead of retreating, he leaned in—creating a club kid–inspired look that ultimately kept him in the competition. “I had to learn quickly that criticism wasn’t a rejection but an invitation to refine how I communicated my vision,” he explains. That shift—from defensiveness to precision—became foundational.More importantly, the experience reframed how he saw himself. “Glow Up lit that fire… to go against the grain and trust I can create my own greatness.” It also marked a deeper internal shift. “This also felt like the birth of my queerness,” he adds, describing a moment where identity and artistry became inseparable. That same philosophy informs how he navigates life with Tourette’s syndrome. In an industry built on control, Tourette’s introduces disruption. “Tourette’s means navigating unpredictability… in an industry that often demands precision, perfection, and stillness,” he says. Rather than resisting it, he adapted.“My creativity has become fluid rather than rigid,” he explains. “Not always about flawless execution, and more about expression, intention, and resilience.” This reframing extends into advocacy. His series Tourette’s Tuesdays merges education with visual impact—pairing striking makeup looks with direct, accessible information. “You can learn whilst being entertained,” he says. “That’s one of my motifs.” The goal is not spectacle. It is clarity. Removing stigma through visibility.At the center of his work is a tension between beauty and disruption. He does not reject beauty. He destabilizes it. “The industry wants to conceal flaws and make perfection,” he says. “I create work… with no boundaries… beautiful in its wildness.” Texture is left visible. Imperfection becomes intention. “I am turned on by the stranger approach to beauty… because it makes me feel something,” he adds.For James, that emotional response is the point. His work exists between editorial and fine art, where the goal is not simply to be admired, but to provoke. “Disruption is what creates conversation,” he states. This philosophy connects directly to how he defines queer excellence. “Queer excellence… is about endurance—continuing to show up in spaces that may not have been built with you in mind,” he says. It is not passive visibility. It is an active occupation. “Not just surviving there, but creating and embracing space… and leaving a mark.”“I didn’t have many role models in makeup… which pushed me to become my own inspiration.”
That ethos reached full expression with Makeup X Art, his 2024 exhibition. Featuring 20 of his most impactful works, the show translated his internal world into a physical environment. “For the first time… I could tell how much the magic and power of unconventional makeup artistry truly inspires,” he says.The exhibition was also personal. A confrontation between past and present. “It felt very daring… to finally present… what I had to say about… my queerness and neurodivergency,” he reflects. What he wants people to feel when they encounter his work is direct. Immediate. Unfiltered. “I hope people feel wonder… stopped in their tracks and want to question exactly what they are seeing,” he says. Because for James Mac, makeup is not decoration. It is an interruption. It is language. And when it works, it does not just transform a face. It forces you to look again.Do James Mac, ní faoin áilleacht amháin a bhí smideadh. Claochlú a bhí ann i gcónaí. An cor sa scéal dó ná “Ag aithint go dtiocfadh na súile agus an aghaidh a úsáid mar chanbhás don scéalaíocht” - nuair a thiontaigh an smideadh ina theanga ann féin, agus go raibh féiniúlacht le haimsiú sa teanga sin.
[ GA ]I bhfad sular tháinig lucht féachana domhanda ar a chuid oibre, bhí sé ag tógáil domhan s’aige féin faoi rún - ag sceitseáil aghaidheanna fhada, ag déanamh áibhéile ar bhanúlacht agus ag déanamh staidéir ar an dráma agus ar an smacht a bhaineann leis an súil. Tá an bua sin atá aige - rudaí a thógáil in áit feabhas a chur orthu amháin - le sonrú ina chuid oibre go fóill.Ag fás aníos i Mainistir Laoise, i lár na tíre in Éirinn, chleachtaigh James leis féin. “Thug rithim mhall na tuaithe am dom” a mhíníonn sé. “Ní raibh mórán eiseamláirí smididh agam..ach bhí mé in ann mé féin a spreagadh.” Gan an treoir sin, lean sé a bhealach féin. Ní faoi chaighdeáin áilleachta a bhí an smideadh ach faoi athscríobh a dhéanamh ar na caighdeáin chéanna sin.Bhí an ghrianghrafadóireacht ann roimh an smideadh. An chéad cheamara. D’éirigh sé an-ghafa le frámáil. Bhí sé sásta fanacht ar an athrú. “D’fhoghlaim mé go dteastaíonn foighne, breathnóireacht agus inniúlacht.” a deir sé. Sin an bunús lena mhodh oibre anois. Tógtar gach dreach bunaithe ar trí chuid : suíomh, soilsiú agus comhdhéanamh datha. Toradh na hoibre sin ná go dtiocfadh a rá gur íomhá é an saothar deiridh sula ndearfá gur smideadh é - aghaidheanna a mhothaíonn eagraithe, tomhaiste agus a insíonn scéal.Rinneadh tástáil ar an soiléireacht sin ar Glow Up. Chuir an clár é i dtimpeallacht ina raibh gach cinneadh le feiceáil agus gach botún os comhair an tsaoil mhór. “Bhí an-bhrú ann… agus easpa spáis do mheancóga,” a deir sé. Luath sa tsraith, níor éirigh leis i ndúshlán bunaithe ar an fhéiniúlacht. In áit tarraingt siar, bhrúigh sé ar aghaidh agus chruthaigh sé dreach spreagtha ag na Club Kids a choinnigh sa chomórtas é. “Bhí orm a fhoghlaim go tapa nárbh ionann cáineadh agus diúltú. Ach gur cuireadh a bhí ann mionleasú a dhéanamh ar an fhís a bhí agam.” Chuir an t-athrú sin bonn láidir faoi - ó chosantacht go cruinneas.Níos tábhachtaí arís, d’amharc sé air féin ar bhealach éagsúil. “Spreag Glow Up mé le dul i gcoinne an tsnáithe agus muinín a bheith agam asam féin.” Chuir sé tús chomh maith le hathrú inmheánach. “Tús le m’aiteachas a bhí ann,” a deir sé, ag déanamh cur síos ar an nóiméad sin nach dtiocfadh leis scaradh a dhéanamh idir a fhéiniúlacht agus a ealaíontacht a thuilleadh. Treoraíonn an fhealsúnacht chéanna sin é agus é ag déileáil le siondróm Tourette. Cuireann Tourette’s isteach ar earnáil atá bunaithe ar smacht. “Ní féidir a dhath a thuar nuair a bhíonn Tourette’s ann…ach seo earnáil a éilíonn cruinneas, foirfeacht agus suaimhneas,” a deir sé. Níor chuir sé ina aghaidh, chuaigh sé i dtaithí air.“Tá gluaiseacht réidh le mo chuid cruthaitheachta anois,” a mhíníonn sé. “Ní faoin chríoch fhoirfe atá sé i gcónaí ach faoin léiriú, faoin chuspóir agus faoin seasmhacht.” Bíonn sé i mbun abhcóideachta chomh maith. Meascann a shraith Tourette’s Tuesdays an t-oideachas le tionchar físiúil - dreacha suntasacha le chéile le heolas lom agus inrochtana. “Is féidir leis a bheith oideachasúil agus siamsúil ag an am céanna,” a deir sé. “Sin tréith atá agam.” Soiléireacht an cuspóir atá aige. Ní an taispeántas. Sí an fheiceálacht atá ag fáil réidh leis an stiogma.I gcroílár a chuid oibre, tá teannas idir áilleacht agus mar a chuireann sé isteach ar an saol. Ní dhiúltaíonn sé d’áilleacht. Cuireann sé trína chéile í. “Ba mhaith leis an earnáil lochtanna a chur i bhfolach agus foirfeacht a chur chun cinn,” a deir sé. “Níl teorainn le mo chuid oibre … agus tá fiántas álainn ag baint léi.” Tá uigeacht le feiceáil. An cuspóir ná neamhfhoirfeacht. “Lasann cur chuige aisteach splanc ionam…mothaím rud éigin mar gheall air,” a deir sé.Do James, an cuspóir ná mothúcháin a spreagadh. Maireann a shaothar idir obair eagarthóireachta agus mínealaín, agus an chúis leis ná griogadh a spreagadh, ní sásamh amháin. “Cruthaítear comhrá mar gheall air,” a deir sé. Tá ceangal díreach idir an fhealsúnacht sin agus mar a thugann sé sainmhíniú ar fheabhas aiteach. “Faoin diongbháilteacht atá an t-aiteachas - a bheith i láthair de shíor i spásanna nár cruthaíodh duitse,” a deir sé. Ní feiceálacht ghéilliúil í. Is áitíocht ghníomhach í. “Ní amháin a bheith beo ann, ach spás a chruthú agus lorg a fhágáil.”Ba léir an t-éiteas sin ina thaispeántas Makeup X sa bhliain 2024. Bhí 24 dá shaothair is mó tionchar mar chuid den taispeántas. D’aistrigh an seó a dhomhan príobháideach ina thimpeallacht fhisiciúil. “Don chéad uair … bhí sé soiléir dom an oiread draíochta agus cumhachta a spreagann ceardúlacht smididh,” a deir sé.“Ba mhaith leis an earnáil lochtanna a chur i bhfolach agus foirfeacht a chur chun cinn,” a deir sé. “Níl teorainn le mo chuid oibre … agus tá fiántas álainn ag baint léi.”
Bhí an taispeántas pearsanta chomh maith. Coimhlint a bhí ann idir an saol mar a bhí agus mar atá. “Bhí misneach ag baint leis … ag cur i láthair faoi dheireadh … an mhéid atá le rá agam … faoi m’aiteachas agus néara-éagsúlacht, “ a deir sé. Ba mhaith leis go mbeadh mothúcháin dhíreacha lena shaothair do dhaoine. Láithreach. Neamhleithscéalach. “Tá súil agam go mbeidh iontas ar dhaoine … go mbeidh staiceanna déanta dóibh agus go mbeidh siad ag ceistiú an rud atá le feiceáil,” a deir sé. Do James Mac, ní maisiúchán atá sa smideadh. Is cur isteach é. Is teanga é. Agus nuair a oibríonn sé, ní hamháin go n-athraíonn sé an chuma atá ar aghaidh. Spreagann sé thú le hamharc arís.Credits
Story: Levi Rodriguez @itslikethejeansHuman: James Mac @jmac_mua
Photo: Gosia Studio @gosia_studio
Makeup: James Mac Inerney @james_macinerney_artistryIrish Translation: Caoimhe Ní Chathail @caoimhechats